Cademy logoCademy Marketplace
Laois Education Centre
Laois Education Centre logo

Laois Education Centre

Contact

About Laois Education Centre

Is áit é Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise ‘ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí, boird agus daoine ábhartha eile. Tugtar tacaíocht leis na seirbhísí seo do na daoine thuasluaite ionas gur féidir leo a gcuid feidhmeanna a dhéanamh maidir le hoideachas a chur ar fáil, atá aitheanta don aidhm sin ag an Aire’ (an tAcht Oideachais, 1998). Tá an tIonad á mhaoiniú go díreach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) tríd an Rannóg um Oideachas Múinteoirí agus Beartas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Oibríonn an tIonad leis an ROS lena chinntiú gur féidir leo freastal ar riachtanais foghlaimeoirí, scoile agus chórais trí dheiseanna foghlama ardchaighdeáin a chur ar fáil. Áirítear i bpríomhghníomhaíochtaí Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise clár áitiúil éagsúil a bhaineann le tacaíocht, oiliúint agus forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí, bainistíocht scoile, tuismitheoirí agus baill phobail scoile mar fhreagra ar riachtanais agus éileamh. Cuimsítear sna gníomhaíochtaí freisin eagrúchán agus seachadadh áitiúil clár náisiúnta d’fhorbairt ghairmiúil agus phearsanta do mhúinteoirí ar son na Ranna Oideachais agus Scileanna. Oibríonn Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise i gcomhar le comhpháirtithe éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun tionscnaimh nuálacha a chur chun cinn ar mhaithe lena bpobail scoile.

Key Details

Profiles

Teaches